|
Leasú ar alt 26 den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957.
|
1.—Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, trí “caoga milliún punt” a chur in ionad “fiche is cúig mhilliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1975), agus tá an t-alt sin 26 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
|