I.R. Uimh. 27/1980 -An tOrdú umRéamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980.
Ar iarratas ón Aire Cosanta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas: 1. An tOrdú um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980, is teideal don Ordú seo. 2. Déantar leis seo cúmhachtaí agus dualgais uile an Aire Cosanta faoin Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 (Uimh. 21 de 1939), agus faoin Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1946 (Uimh. 28 de 1946), a tharmligean chuig Seán Ó Mórdha, Aire Stáit ag an Roinn Cosanta. | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 25ú lá seo de | ||
Eanair, 1980. | ||
CHARLES J. HAUGHEY, | ||
Taoiseach. | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN. | ||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.) | ||
Déantar leis an Ordú seo cúmhachtaí agus dualgais an Aire Cosanta maidir le hábhair a bhaineann le Cosáint Shibhialta a tharmligean chun an Aire Stáit ag an Roinn Cosanta. |