I.R. Uimh. 79/1980 -An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980.
Ar iarratas ón Aire Talmhaíochta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:— 1. An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980, is teideal don Ordú seo. 2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Talmhaíochta a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chuig Tomás Ó hEodhusa, T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta. | ||
| ||
| ||
AN SCEIDEAL. | ||
Cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus cumhachtaí agus dualgais an Aire sin maidir le Coimisiún Talún na hÉireann. | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 19ú lá seo de | ||
Mhárta, 1980. | ||
CATHAL Ó hEOCHAIDH, | ||
Taoiseach. | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN. | ||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.) | ||
Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta atá sonraithe sa sceideal a ghabhann leis an Ordú chun an Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta (Tomás Ó hEodhusa, T.D.). |