I.R. Uimh. 13/1983 -An tOrdú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1983.
Ar iarratas ón Taoiseach agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:— 1. An tOrdú Staidrimh (Feidhmeanna Aire A Tharmligean), 1983, is teideal don Ordú seo. 2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais an Taoisigh—  | ||
( a ) faoi alt 2(2) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) a mhéid a bhaineann sé leis an bPríomh-Oifig Staidrimh,  | ||
( b ) faoi na hAchta Staidhrimh, 1926 agus 1946, agus  | ||
( c ) faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, agus faoi Acht Choimisinéirí na Státsheribhíse, 1956, a mhéid a bhaineann na hAchtanna sin leis an b'Príomh-Oifig Staidrimh,  | ||
a tharmligean chuig Seán Ó Bairéad, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.  | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 12ú lá seo  | ||
d'Eanáir, 1983.  | ||
GEARÓID MACGEARAILT,  | ||
Taoiseach.  | ||
NÓTÁ MÍNIÚCHÁIN.  | ||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).  | ||
Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais reachtúla an Taoisigh faoi na hAchtanna atá sonraithe in alt 2 chuig Seán Ó Bairéad, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.  |