I.R. Uimh. 59/1983 -An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1983.
Ar iarratas ón Aire Poist agus Telegrafa agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:— 1. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1983, is teideal don Ordú seo. 2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais de chuid an Aire Poist agus Telegrafa faoi na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chuig Seán Ó Domnalláin, Aire Stáit ag an Roinn Poist agus Telegrafa.  | ||
| 
 AN SCEIDEAL  | ||
( a ) Na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969.  | ||
( b ) Na hAchtanna Caipitil Teileachumarsáide, 1924 go 1981  | ||
( c ) Na hAchta Telegrafa, 1863 go 1953  | ||
( d ) Post Office (Parcels) Act, 1882  | ||
( e ) Na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958  | ||
( f ) Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958  | ||
( g ) Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 (Uimh. 45 de 1956)  | ||
( h ) An tAcht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942)  | ||
( i ) Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1980  | ||
( j ) An tAcht um Infheistíochtaí Teileachumarsáide na hÉireann Teoranta, 1981 (Uimh. 27 de 1981)  | ||
Arna Thabhairt faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 1ú lá seo de Márta, 1983.  | ||
GEARÓID MAC GEARAILT,  | ||
Taoiseach.  |