I.R. Uimh. 424/1983 -An tOrdú um an AchtOmbudsman, 1980 (An Lá Ceaptha), 1983.
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 12 (2) den Acht Ombudsman, 1980 (Uimh. 26 de 1980) ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas: 1. An tOrdú um an Acht Ombudsman, 1980 (An Lá Ceaptha, 1983, is teideal don Ordú seo. 2. Ceaptar leis seo gurb é an 7ú lá d'Iúil, 1983 an lá a thiocfaidh an tAcht Ombudsman, 1980 (Uimh. 26 de 1980) i ngníomh.  | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 7ú lá seo d'Iúil, 1983.  | ||
GEARÓID MacGEARAILT,  | ||
Taoiseach.  | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN  | ||
Leis an órdú seo socraítear gurb é an 7ú lá d'Iúil, 1983, an lá a thiocfaidh an tAcht Ombudsman, 1980 (Uimh. 26 de 1980) i ngníomh.  |