|
An PríomhFheidhmeannach.
|
9.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10C (arna chur isteach leis an Acht seo):
|
| |
“10D.—(1) Beidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin ar an Údarás ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an Príomh-Fheidhmeannach.
|
| |
(2) Is é an tÚdarás a cheapfaidh an Príomh-Fheidhmeannach.
|
| |
(3) Déanfaidh an Príomh-Fheidhmeannach riarachán agus gnó an Údaráis a sheoladh agus a bhainistiú, agus a rialú i gcoitinne, agus comhlíonfaidh sé nó sí cibé feidhmeanna eile (más ann) a chinnfidh an tÚdarás.
|
| |
(4) Ní shealbhóidh an Príomh-Fheidhmeannach aon oifig, ná ní bheidh aon phost eile aige nó aici, arb iníoctha díolaíochtaí ina leith, gan toiliú an Údaráis.”.
|