|
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.
|
19.—(1) Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2), 1999, a ghairm den Acht seo.
|
| |
(2) Tiocfaidh ailt 5, 6, 7, 8, 17(c) agus 18, a mhéid a dhéantar foráil leis an alt sin chun alt 10(3) den Phríomh-Acht a aisghairm, den Acht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán le hordú nó le horduithe, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.
|