An tAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003
| 
 Mainneachtain dréacht-scéim a ullmhú.  |   
 17.—Más rud é—  | |
(a) go mainneoidh nó go ndiúltóidh comhlacht poiblí dréacht-scéim a ullmhú de réir fógra a eiseofar faoi alt 11 nó 15,  | ||
(b) tar éis do chomhlacht poiblí dréacht-scéim a thíolacadh don Aire lena daingniú, nach mbeidh an comhlacht poiblí agus an tAire ábalta téarmaí na scéime a chomhaontú, nó  | ||
(c) tar éis do chomhlacht poiblí fógra a fháil maidir le leasuithe beartaithe ar scéim, nach mbeidh an comhlacht poiblí agus an tAire ábalta comhaontú ar aon leasuithe,  | ||
déanfaidh an tAire an mhainneachtain, an diúltú nó an neamhábaltacht sin a thuairisciú do gach Teach den Oireachtas.  |