|  | 
Airteagal 9 den Bhunreacht a leasú. | 
1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 9 den Bhunreacht: | 
|  |  | 
(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 1 den téacs Gaeilge, | 
|  |  | 
(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla, agus | 
|  |  | 
(c) déanfar alt 2 den dá théacs a uimhriú mar alt 3. |