An tAcht um an Ceathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2015

Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú

1. Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 41 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Gaeilge;

(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal isteach i ndiaidh alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla.