I.R. Uimh. 40/2015 - An tOrdú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2015.


Official Translation / Tiontú Oifigiúil

Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 6ú Feabhra, 2015, á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

Ar iarraidh a fháil ón Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:

1. Féadfar an tOrdú Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2015 a ghairm den Ordú seo.

2. Déantar cumhachtaí (seachas an chumhacht chun cion a ionchúiseamh) agus dualgais an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a thugtar di—

(a) leis na hAchtanna a shonraítear i gCuid 1, nó le forálacha na nAchtanna a shonraítear i gCuid 2, den Sceideal, nó fúthu, agus

(b) leis na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 go 2013, nó fúthu,

a tharmligean chuig Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

AN SCEIDEAL

Cuid 1

NA hACHTANNA ARNA dTARMLIGEAN

Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 2001

An tAcht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 (Uimh. 21 de 1956)

Na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 2010

Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (Uimh. 32 de 2003)

Achtanna an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 2003 agus 2007

Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012)

Cuid 2

NA FORÁLACHA D’ACHTANNA ARNA dTARMLIGEAN

Alt 5 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna a aistrítear leis an Ordú um an nGaeilge, um an nGaeltacht agus um na hOileáin (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 2011 (I.R. Uimh. 164 de 2011)) d’Acht an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán (Cumhachtaí agus Feidhmeanna), 1998 (Uimh. 7 de 1998)

Cuid VI agus Cuid VIII (a mhéid a bhaineann sí le Cuid VI) den Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann, 1999 (Uimh. 1 de 1999)

Alt 2 (a mhéid a bhaineann sé leis na feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna (e), (f) (a mhéid a bhaineann sí le mír (e)) agus (g) d’fho-alt (1) den alt sin) den Acht um Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2007 (Uimh. 32 de 2007)

Alt 33(3)(c) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Uimh. 30 de 2000)

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais,

3 Feabhra 2015.

ENDA KENNY,

Taoiseach.