I.R. Uimh. 97/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Na Déise), 2018.


Foilsíodh fógra san

“Iris Oifigiúil” an 30 Mártaán 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) agus an tOrdú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 ( I.R. Uimh. 641 de 2017 )), déanaimse, JOE MCHUGH, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Na Déise), 2018 is teideal don Ordú seo.

2. Tá gach ceann de na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

AN SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Na Déise, Co. Phort Láirge

(1) An chuid sin de thoghroinn cheantair Bhaile Mhac Airt i gcontae Phort Láirge atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Mhac Airt Íochtarach, Baile na Móna Íochtarach, Baile na Móna Uachtarach, Baile Uí Churraoin Theas, Baile Uí Churraoin Thuaidh, Baile an tSléibhe Theas, Baile an tSléibhe Thuaidh, Baile Uí Threasnáin, An Cnocán Rua, Cruabhaile Íochtarach, Cruabhaile Uachtarach, Loiscreán, Áthán, Baile na hArda, Baile Mhac Airt Uachtarach, Baile an Aicéadaigh, Baile Mhic Giolla Mhuire, Baile an Róid, Cill Cholmáin, Cnoc na gCapall, Fearann an Lóintigh, An Gabhlán, Na Geataí, An Mhóin Fhionn, Móin an Ghiumhais, Ráth Léad agus Sliabh an Ghabhláin.

(2) An chuid sin de thoghroinn cheantair na Rinne i gcontae Phort Láirge atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile na Cúirte Theas, Baile na Cúirte Thuaidh, Baile na nGall Beag, Baile na nGall Mór, Baile Uí Raghallaigh, Barr na Stuac, An Carraigín, Cill an Fhuarthainn, Cnoc an Fhréinigh, Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Cnocán an Phaoraigh Uachtarach, An Fhaiche, Gleann an Fhíoruisce, Gort na Daibhche Íochtarach, Gort na Daibhche Uachtarach, Heilbhic, Log na Giumhaisí, An Léith, Maoil an Choirnigh, An Mhóin Bhreac, An Móta, Rath na mBiníneach, An Ré Mheánach, Seanchluain, An tSeanchill, Barr na Léithe, An Coinigéar, An Goirtín, An Ré Dhóite agus An Seanbhaile.

(3) An chuid sin de thoghroinn cheantair Airde Móire i gcontae Phort Láirge atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Carraigín, An Chúil Rua, Móin na mBráthar, Móin an Fhia, Móin na mBian, Ré na gCloichín, Ré na gCuilí, Na Roisíní, An Scardán agus An Screathan.

/images/ls

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh,

28 Márta 2018.

JOE MCHUGH,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.