I.R. Uimh. 253/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú), 2018.


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 20 Iúil 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2017 ( I.R. Uimh. 641 de 2017 ), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) 2018 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá gach limistéar a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

SCEIDEAL

Limistéir Pleanála Teanga: Múscraí, Co. Chorcaí

(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Doire Fhínín, Gort na Tiobratan, An Sliabh Riabhach, Na hUláin agus Ceann Droma.

(2) An chuid sin de limistéar toghroinne Bhéal Átha an Ghaorthaidh (Ceantar Tuaithe Dhún Mánmhaí) i gContae Chorcaí arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: An Barr Garbh, Caolmhagh Beag, Caolmhagh Mór, Carraig na Muc, An Chlochbhuaile, Cornaire, Doire Mhic Coirnín, Doire Uí Ríordáin Thuaidh, Doirín na Coise, Doirín Dún Aodha, Gaorthadh na Péice, An Inse Bheag, Inse an Osaidh, Inse idir Dhá Aill, An Inse Mhór, Oileán Eidhneach Thiar, Oileán Eidhneach Thoir agus An Tuairín Dubh.

(3) An chuid sin de limistéar toghroinne Bhéal Átha an Ghaorthaidh (Ceantar Tuaithe Mhaigh Chromtha) i gContae Chorcaí arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: An Charraig, An Charraig Bhán, Carraig na Damhaire, Ceapaigh na Mine, Céim Chorrbhuaile, An Chill Mhór, An Com Dorcha, Na Curraithe, Doire na Buairce, Doire an Chladaigh, Doire an Longaigh, Drom an Ailigh, Goirtín na Coille, Goirtín Eoghain, An Goirtín Fliuch, Gort Luachra, Gort an Phludaigh, Ladhar na Gaoithe, An Leaca Bhán, An Meall Mór, Ros an Locha, An Screathan Mór agus Tuairín Leathard.

(4) An chuid sin de limistéar toghroinne Chill na Martra i gContae Chorcaí arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Baile Uí Bhuaigh, Cathair Céirín, Coill Fuinseann, Inse na hAmhraí, Pruchas, Brachán, Cluain Clod, An Chúil Cham, Drom an Gharraí, Drom Óinigh, An Drom Réidh, Dún Dea-radhairc, An Seantóir, An Cnoc Rua, Páirc an Oileáin agus Seanbhaile Sheáin.

(5) An chuid sin de limistéar toghroinne Chlaonrátha i gContae Chorcaí arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Cathair na Cáithe, Claonráth Theas, Claonráth Thuaidh, Com an Leadhbáin, Doire an Aonaigh, Doire Ghiolla Fhinn, Eachros, Gort na Móna, Mill Mearáin agus Ráth Ghaiscígh.

/images/ls

Arna thabhairt faoi mo láimh,

12 July 2018.

JOE MCHUGH,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.