I.R. Uimh. 332/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 3), 2018.


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 21ú lá de Lúnasa, 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d' Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2017 ( I.R. Uimh. 641 de 2017 ), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) 2018 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá gach limistéar a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7 (2) d' Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

AN SCEIDEAL

Limistéir Pleanála Teanga: Ciarraí Thiar, Co. Kerry

(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Cill Chuáin, Cill Maoilchéadair, Cinn Aird, Daingean Uí Chúis, Dún Chaoin, Dún Urlann, Ceann Trá, Na Gleannta, Márthain, An Mhin Aird, An Baile Dubh, An Clochán agus Cé Bhréanainn.

(2) An chuid sin de limistéar toghroinne An tSráidbhaile arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Fearann Dealúigh, Formaoil agus An Scragán.

/images/ls

Arna thabhairt faoi mo láimh,

31 Iúil 2018.

JOE MCHUGH,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta Agus Gaeltachta.