I.R. Uimh. 347/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 5), 2018.


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 5ú lá de Deireadh Fómhair, 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2017, ( I.R. Uimh. 641 de 2017 ), déanaimse, Joe McHugh, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 5) 2018 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 5ú lá de Deireadh Fómhair, 2018 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo.

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Maigh Eo Thuaidh, Co. Mhaigh Eo

(1) Na limistéir toghroinne seo a leanas: Béal an Mhuirthead, Cnoc na Lobhar, Cnoc na Ráithe, An Geata Mór Theas, An Geata Mór Thuaidh, Gleann Chaisil, Na Monga, Barr Rúscaí, Béal Deirg Mór, Cnoc an Daimh, Gleann na Muaidhe agus Moing na Bó.

(2) An chuid sin de limistéar toghroinne Ghuala Mór i gContae Mhaigh Eo arb é atá inti na bailte fearainn seo a leanas: Troiste.

/images/ls

Arna thabhairt faoi mo láimh,

26 September 2018.

JOE MCHUGH,

Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta Agus Gaeltachta.