I.R. Uimh. 600/2018 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 8), 2018.
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigiúil” an 8ú lá de Eanáir, 2019 á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtúil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le h alt 7 (2) d’ Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 2017 (I.R. Uimh. 350 de 2017)) agus an tOrdú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 2018 ( I.R. Uimh. 449 de 2018 ), déanaimse, Seán Kyne, Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, leis seo an t-ordú seo a leanas: | ||
1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 8) 2018 a ghairm den Ordú seo. | ||
2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7 (2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012). | ||
SCEIDEAL | ||
Limistéar Pleanála Teanga: Ráth Chairn agus Baile Ghib | ||
(1) An chuid de thoghroinn cheantair Chill Bhríde i gcontae na Mí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Cill Bhríde agus Tulach Chonóg. | ||
(2) An chuid sin de thoghroinn cheantair Dhomhnach Phádraig i gcontae na Mí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Ghib, Diméin Bhaile Ghib, Ráth an Tancardaigh, Cluain an Ghaill agus Domhnach Phádraig. | ||
(3) An chuid sin de thoghroinn cheantair na Rátha Móire i gcontae na Mí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Ráth Chairn, Driseog, Doire Longáin agus Tlachta. | ||
(4) An chuid sin de thoghroinn cheantair Thailtean i gcontae na Mí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Órthaí agus Tailtin. | ||
(5) An chuid sin de thoghroinn cheantair Bhaile Átha Buí i gcontae na Mí atá comhdhéanta de bhaile fearainn Bhaile Mhistéil. | ||
| ||
Arna thabhairt faoi mo láimh, | ||
21 Nollaig 2018. | ||
SEÁN KYNE, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. |