Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Fógraíocht ag comhlachtaí poiblí

6. Leasaítear an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 10:

“10A. (1) Cinnteoidh comhlacht poiblí—

(a) gur i nGaeilge a bheidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’aon fhógraíocht arna déanamh ag an gcomhlacht in aon bhliain, agus

(b) go ndéanfar 5 faoin gcéad ar a laghad d’aon airgead a chaithfidh an comhlacht ar fhógraíocht in aon bhliain a úsáid chun fógraíocht a chur amach i nGaeilge trí na meáin Ghaeilge.

(2) San alt seo—

ciallaíonn ‘fógraíocht’—

(a) cumarsáid tráchtála d’aon chineál a bhfuil d’aidhm léi, nó a bhfuil d’éifeacht léi, go díreach nó go neamhdhíreach, táirge nó seirbhís de chuid an chomhlachta phoiblí lena mbaineann a chur chun cinn, agus

(b) cumarsáid d’aon chineál leis an bpobal, i leith na nithe seo a leanas—

(i) foireann a earcú,

(ii) tionscnaimh reachtaíochta nó bheartais,

(iii) talamh nó sócmhainní a cheannach nó a dhíol,

(iv) seirbhísí a sholáthar, nó

(v) comhchomhairliúchán poiblí;

ciallaíonn “meáin Ghaeilge” aon mheáin ina bhfuil 50 faoin gcéad nó níos mó d’ábhar na meán sin trí mheán na Gaeilge.”.