I.R. Uimh. 433/2022 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 3), 2022


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigióil” an 6 Meán Fómhair, 2022,

á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtóil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 ( I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020), déanaimse, JACK CHAMBERS, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 3), 2022 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012).

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Bearna agus Cnoc na Cathrach, Co. na Gaillimhe

(1) An chuid sin de thoghroinn cheantair Bhearna i gcontae na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Áth an Ghlugair, Na hAcraí Corra, An Aill, An tÁth Buí, Áit Tí Seonac, An Baile Ard Thiar, An Baile Ard Thoir, An Baile Nua, Baile an Bhrúnaigh, An Bhuaile Bheag Thiar, An Bhuaile Bheag Thoir, Buaile na Sruthán, An Chloch Scoilte, Cnoc Odhráin, An Cnocán Carrach, An Chorrbhuaile (Lynch), An Chorrbhuaile (Morgan), Corr Chuilinn, An Droim Thiar, An Droim Thoir, Na Foraí Maola Thiar, Na Foraí Maola Thoir, Rinn na Mara, An Leac Liath, An Léana Riabhach, Lisín an Chaoráin, Loch Inse, An Pollach, An Chéibh, Tóin na Brocaí, Troscaigh Thiar agus Troscaigh Thoir.

(2) An chuid sin de thoghroinn Cheathrú Bhearna i gceantar uirbeach na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Cheapach, Baile na hAbhann, Baile na mBúrcach, An Léana Bodhar, An Coimín Mór, Baile an Mhóinín Thoir, Cluain na nGabhar (cuid), Gort na Leice, An Seanbhaile Dubh (cuid), Seanghort (cuid), Bearna (cuid) agus Baile an Mhóinín Thiar.

(3) An chuid sin de thoghroinn cheantair Chnoc na Cathrach i gceantar uirbeach na Gaillimhe atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Cluain na nGabhar (cuid), An Seanbhaile Dubh (cuid), Seanghort (cuid), Bearna (cuid) agus An Roisín.

Arna thabhairt faoi mo láimh,,

25 Lúnasa 2022

JACK CHAMBERS,

Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán