I.R. Uimh. 480/2022 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Bailte Seirbhíse Gaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 2), 2022
Foilsíodh fógra san “Iris Oifigióil” an 30 Meán Fómhair, 2022, | ||
á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtóil seo. | ||
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 9(1) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, JACK CHAMBERS, Aire Stáit ag an Roinn Tuarasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas: | ||
1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Bailte Seirbhíse Gaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 2), 2022 a ghairm den Ordú seo. | ||
2. Ainmnítear baile a shonraítear sa Sceideal mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta críocha alt 9(1) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) . | ||
SCEIDEAL | ||
Baile Seirbhíse Gaeltachta: Trá Lí, Co. Chiarraí | ||
(1) An baile seo a leanas: Trá Lí | ||
Arna thabhairt faoi mo láimh,, | ||
21 Meán Fómhair 2022 | ||
JACK CHAMBERS, | ||
Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán |