I.R. Uimh. 481/2022 - An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 4), 2022


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigióil” an 30 Meán Fómhair, 2022,

á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtóil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, JACK CHAMBERS, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 4), 2022 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: Cléire, Co. Chorcaí

(1) An chuid sin de thoghroinn ceantair Chléire i gcontae Chorcaí atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Ardghort, Baile Iarthach Theas, Baile Iarthach Thuaidh, Comalán, Ceathrúna, Cnocán na mBairneach, Cnocán an Choimhthigh, Cill Leice Fórábháin, Coinlín, Crathach Thiar, Crathach Thoir, Gleann Meánach, Gleann Iarthach, Gleann Oirtheach, Gort na Lobhar agus Lios Ó Móine.

Arna thabhairt faoi mo láimh,,

21 Meán Fómhair 2022

JACK CHAMBERS,

Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán