I.R. Uimh. 482/2022 -An tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 5), 2022


Foilsíodh fógra san “Iris Oifigióil” an 30 Meán Fómhair, 2022,

á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtóil seo.

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) (arna oiriúnú leis an Ordú Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú) 2020 (I.R. Uimh. 403 de 2020)) agus an tOrdú Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 2020 ( I.R. Uimh. 547 de 2020 ), déanaimse, JACK CHAMBERS, Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, leis seo an t-ordú seo a leanas:

1. Féadfar an tOrdú um Acht na Gaeltachta, 2012 (Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta a Ainmniú) (Uimh. 5), 2022 a ghairm den Ordú seo.

2. Tá na limistéir a shonraítear sa Sceideal ainmnithe mar Limistéar Pleanála Teanga Ghaeltachta chun críocha alt 7(2) d’Acht na Gaeltachta, 2012 (Uimh. 34 de 2012) .

SCEIDEAL

Limistéar Pleanála Teanga: An Ghaeltacht Láir, Co. Dhún na nGall

(1) Na toghranna ceantair seo a leanas: Baile na Finne, An Dúchoraidh, Gleann Léithín agus An Ghrafaidh.

(2) An chuid sin de thoghroinn ceantair Allt na Péiste atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Baile Uí Chiaragáin, An Bhinn Dubh, An Bhinn Mhór, An Caiseal, Carraig Mhathúna, Cruach Leac, Cró na Ceithirne, An Deargchruach, Droim Dhoire Dhúnáin, Machaire an Chlaí, Srath an Ghallaigh, An Sruthán Garbh, An Sruthán Giobach, An Tóin Dubh agus An Tóin Dubh (Thompson).

(3) An chuid sin de thoghroinn ceantair na Binne Báine atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Cró na Sliabh, Cró an Chaorthainn, Luach na mBróg, Mín Chloiche Sparra agus Mín an Ghiúis Mhór.

(4) An chuid sin de thoghroinn ceantair an Chlocháin atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An Ailt Leathan, Ailt an tSneachta, Ard Bata, Baile na mBan, An Bhrocaigh, Buailte Pádraig, An Clochán Beag, An Chluain Chlaíoch, Cill Ráin, An Coimín, Cró na Doinne, An Fál Garbh, An Ghallbhuaile, An Gharbháin, Glaisigh Daibhéid, An Ghlaiseach Bheag, An Ghlaiseach Mhór, Leitir Bric, Mín an Laig, Mín Ghiolla Charraigh agus Srath na Bratóige.

(5) An chuid sin de thoghroinn ceantair na nGleanntach atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Bun Crúbóige, Corr na nGriollach, Doire Luacháin, Droim an Locha, Dúbinn, Dúrian, Mín an Fháil, Mín an Leargáin, An Mullán Mór, An Sealgán Beag, An Srath Buí, An Srath Salach agus Tulaigh na gCloigeann.

(6) An chuid sin de thoghroinn ceantair Loch Iascaigh atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: An tSruthail.

(7) An chuid sin de thoghroinn ceantair Mhín Charraigeach atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Carraig an Langáin agus An Chomairce.

(8) An chuid sin de thoghroinn ceantair Shuí Corr atá comhdhéanta de na bailte fearainn seo a leanas: Mín na bPoll agus Mín an tSionnaigh.

Arna thabhairt faoi mo láimh,,

21 Meán Fómhair 2022

JACK CHAMBERS,

Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán