|  | 
Tuarascáil bhliantúil. | 
19.—(1) Cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire, tuarascáil ar imeachtaí an Údaráis faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. |