I.R. Uimh. 148/1979 -An tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1979.
Ar iarratas ón Taoiseach agus i bhfeidhmiú na gcumhachtai a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas: 1. An tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1979, is teideal don Ordú seo. 2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais an Taoisigh—  | ||
( a ) faoi alt 2 (2) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924), a mhéid a bhain sé leis an bPriomh-Oifig Staidrimh,  | ||
( b ) faoi na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946, agus  | ||
( c ) faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, agus faoi Acht Choimisinéíri na Stát-Sheirbhíse, 1956, a mhéid a bhaineann na hAchtanna sin leis an bPríomh-Oifig Staidrimh,  | ||
a tharmligean chun an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.  | ||
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 20ú lá seo d'Aibreán,  | ||
1979.  | ||
SEÁN Ó LOINSIGH,  | ||
Taoiseach.  | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN.  | ||
Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais reachtúla an Taoisigh faoi na hAchtanna atá sonraithe in alt 2 chun an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.  | ||
Tá an leagan Béarla den Ionstraim Reachtúil seo, a ullmhaíodh go hoifigiúil, clóite ar an leathanach thall.  |