I.R. Uimh. 298/1981 -An tOrdú umReamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1981.
Ar iarratas ón Aire Cosanta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:  | ||||||||
1. An tOrdú um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1981, is teideal don Ordú seo.  | ||||||||
2. Déantar leis seo cumhactaí agus dualgais uile an Aire Cosanta faoin Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1939 (Uimh. 21 de 1939), agus faoin Acht um Réamhchúram in Aghaidh Aer-Ruathar, 1946 (Uimh. 28 de 1946), a tharmligean chuig Gearóid Ó Stráinse, Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.  | ||||||||
  | ||||||||
| 
 NÓTA MÍNIÚCHÁIN.  | ||||||||
(Ní cuid den lonstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirti é.)  | ||||||||
Déantar leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Cosanta maidir le hábhair a bhaineann le Cosaint Shibhialta a tharmligean chun an Aire Stáit ag an Roinn Cosanta.  | 
            			