I.R. Uimh. 359/1981 -An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1981.
  | ||||||||
IONSTRAIMí REACHTúLA.  | ||||||||
I.R. Uimh. 359 de 1981.  | ||||||||
AN tORDú TALMHAíOCHTA (FEIDHMEANNA AIRE A THARMLIGEAN) (UIMH. 2), 1981.  | ||||||||
I.R. Uimh. 359 de 1981.  | ||||||||
AN tORDú TALMHAíOCHTA (FEIDHMEANNA AIRE A THARMLIGEAN) (UIMH. 2), 1981.  | ||||||||
Ar iarratas ón Aire Talmhaíochta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977) , ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—  | ||||||||
1. An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1981, is teideal don Ordú seo.  | ||||||||
2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo agus na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire sin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo, a tharmligean chuig MICHéAL ó DORCHAIDHE, T.D., Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta.  | ||||||||
AN CHéAD SCEIDEAL.  | ||||||||
An tAcht Síolrúcháin Eallach Stuic, 1925 (Uimh. 3 de 1925) .  | ||||||||
Na hAchtanna um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta), 1926 agus 1930.  | ||||||||
Achtanna na dTréidlea, 1931 go 1960.  | ||||||||
Na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1974.  | ||||||||
An tAcht Beodhíle (Intseamhnú Saorga), 1947 (Uimh. 32 de 1947) .  | ||||||||
An tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 (Uimh. 17 de 1958) .  | ||||||||
An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 (Uimh. 9 de 1979) .  | ||||||||
Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas a Rialáil), 1936 go 1961.  | ||||||||
Na hAchta Bainne agus Déirithe, 1935 agus 1956.  | ||||||||
AN DARA SCEIDEAL.  | ||||||||
Cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh agus cumhachtaí agus dualgais an Aire sin maidir le Coimisiún Talún na hEireann, ach amháin a mhéid a bhainfidh aon chumhachtaí agus dualgais den sórt sin le haon Bhille a thionscnófar tar éis an tOrdú seo a dhéanamh.  | ||||||||
  | ||||||||
| 
 NóTA MíNIúCHáIN.  | ||||||||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur mhíniú dlíthiúil uirthi é.)  | ||||||||
Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna atá sonraithe sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an tOrdú agus na cumhachtaí agus dualgais go léir de chuid an Aire sin a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú chun Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta (Micheál ó Dorchaidhe, T.D.).  | ||||||||
Wt. 4179. 700. 9/82. Cahill. (8708). G. 16.  | 
            			
