I.R. Uimh. 395/1981 -An tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1981.
  | ||||||||
IONSTRAIMÍ REACHTÚLA.  | ||||||||
I.R. Uimh. 395 de 1981.  | ||||||||
AN tORDÚ STAIDRIMH (CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAIS A THARMLIGEAN), 1981.  | ||||||||
I.R. Uimh. 395 de 1981.  | ||||||||
AN tORDÚ STAIDRIMH (CUMHACHTAÍ AGUS DUALGAIS A THARMLIGEAN), 1981.  | ||||||||
Ar iarratas ón Taoiseach agus i bhfeidmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977) , ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—  | ||||||||
1. An tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1981, is teideal don Ordú seo.  | ||||||||
2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais an Taoisigh—  | ||||||||
(a) faoi alt 2 (2) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924) a mhéid a bhaineann sé leis an bPhríomh-Oifig Staidrimh,  | ||||||||
(b) faoi na hAchta Staidhrimh, 1926 agus 1946, agus  | ||||||||
(c) faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, agus faoi Acht Choimisinéirí na StátSheirbhíse, 1956, a mhéid a bhaineann na hAchtanna sin leis an bPríomh-Oifig Staidrimh,  | ||||||||
a tharmligean chuig Fearghas Ó Briain, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.  | ||||||||
  | ||||||||
| 
 NÓTÁ MÍNIÚCHÁIN.  | ||||||||
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.)  | ||||||||
Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais reachtúla an Taoisigh faoi na hAchtanna atá sonraithe in alt 2 chuig Fearghas Ó Briain, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.  | ||||||||
Tá an leagan Béarla den Ionstraim Reachtúil seo, a ullmhaíodh go hoifigiúil clóite ar an leathanach thall.  | 
            			
