An tAcht um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018
| 
 | ||
| AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ IS TRÍOCHA AR AN mBUNREACHT, 2018 | ||
| CLÁR AN ÁBHAIR | ||
| Alt | ||
| 
 | ||
| AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ IS TRÍOCHA AR AN mBUNREACHT, 2018 | ||
| Acht chun an Bunreacht a leasú. | ||
| [18 Meán Fómhair 2018] | ||
| 
 | ||
| DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | ||
| 
 | ||
| AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 40 den Bhunreacht a leasú: | ||
| Achtaítear ag an Oireachtas ar an ábhar sin mar a leanas: | ||
| Airteagal 40 den Bhunreacht a leasú | ||
| 1. Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 40 den Bhunreacht: | ||
| (a) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i g Cuid 1 den Sceideal in ionad fho-alt 3 d’alt 3 den téacs Gaeilge; | ||
| (b) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i g Cuid 2 den Sceidea l in ionad fho-alt 3 d’alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla. | ||
| Lua | ||
| 2. (1) An Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. | ||
| (2) Féadfar an tAcht um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht, 2018 a ghairm den Acht seo. | ||
| AN SCEIDEAL | ||
| CUID 1 | ||
| 3° Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun foirceannadh toirchis a rialáil. | ||
| CUID 2 | ||
| 3° Provision may be made by law for the regulation of termination of pregnancy. | 
 
                			