Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 4A agus 4B a chur isteach

3. Leasaítear an Príomh-Acht trí na hailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4:

“Ceann comhlachta phoiblí a cheapadh

4A. (1) Más rud é, de thuras na huaire, nach mbeidh duine ar bith arna cheapadh nó arna ceapadh ina phríomhoifigeach nó ina príomhoifigeach ar chomhlacht poiblí, féadfaidh an Rialtas, le hordú, duine a shainainmniú chun bheith ina cheann nó ina ceann ar an gcomhlacht poiblí chun críocha an Achta seo.

(2) Déanfar gach ordú faoi fho-alt (1) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Tuarascáil ar chomhlíonadh oibleagáidí faoin Acht

4B. Déanfaidh ceann comhlachta phoiblí—

(a) comhalta foirne eile den chomhlacht a cheapadh, ón mbainistíocht shinsearach, chun formhaoirsiú a dhéanamh ar chomhlíonadh oibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo agus tuarascáil a thabhairt dó nó di, de réir mar is cuí, i ndáil le hoibleagáidí an chomhlachta faoin Acht seo, agus

(b) a chinntiú go ndéanfar achoimre ar aon cheann de na nithe arna dtuairisciú dó nó di de réir mhír (a) a áireamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta lena mbaineann.”.