Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht

4. Leasaítear alt 9 den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1)—

(i) trí “nó fógrán” a scriosadh gach áit a bhfuil sé, agus

(ii) trí “stáiseanóireachta nó comharthaí” a chur in ionad “stáiseanóireachta, comharthaí”,

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás go ndéanfaidh duine cumarsáid i scríbhinn, leis an bpost leictreonach nó ar na meáin shóisialta, i dteanga oifigiúil le comhlacht poiblí, freagróidh an comhlacht poiblí sa teanga chéanna.”,

agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) I gcás go ndéanfaidh comhlacht poiblí cumarsáid i scríbhinn nó leis an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne nó le haicme den phobal i gcoitinne chun faisnéis a thabhairt don phobal nó don aicme nó chun margaíocht a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí nó ar a chuid seirbhísí leis an bpobal nó leis an aicme, cinnteoidh an comhlacht gur i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, a bheidh an chumarsáid.

(4) I gcás gur i nGaeilge agus i mBéarla a bheidh an chumarsáid dá dtagraítear i bhfo-alt (3)—

(a) maidir leis an gcuid den téacs a bheidh i nGaeilge, ní bheidh sí i gcló níos lú ná an chuid den téacs a bheidh i mBéarla agus beidh sí chomh feiceálach, chomh hinfheicthe agus chomh hinléite céanna leis an gcuid den téacs a bheidh i mBéarla, agus

(b) más rud é, maidir leis an téacs a bheidh i nGaeilge, go mbeidh cuid de giorraithe, beidh an chuid den téacs a bheidh i mBéarla, arb í an t-aistriúchán ar an téacs giorraithe sin í, giorraithe freisin.”.