|  |  | 
AN tACHT UM AN gCEATHRÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1972 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. | 
|  |  | 
[5 Eanáir, 1973] | 
|  |  | 
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | 
|  |  | 
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú: | 
|  |  | 
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS: | 
|  | 
Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú. | 
1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 16 den Bhunreacht:— | 
|  |  | 
(a) cuirfear “ocht mbliadhna déag” in ionad “bliadhain agus fiche” i bhfo-alt 2° d'alt 1 den téacs Gaeilge, | 
|  |  | 
(b) cuirfear “eighteen years” in ionad “twenty-one years” i bhfo-alt 2° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla. | 
|  | 
Lua. | 
2.—(1) An Ceathrú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. | 
|  |  | 
(2) Féadfar an tAcht um an gCeathrú Leasú ar an mBunreacht, 1972, a ghairm den Acht seo. |