|  |  | 
AN tACHT UM AN gCÚIGIÚ LEASÚ AR AN mBUNREACHT, 1972 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ. [5 Eanáir, 1973] | 
|  |  | 
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráileamh ar bith den Bhunreacht do leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | 
|  |  | 
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 44 den Bhunreacht do leasú: | 
|  |  | 
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS: | 
|  | 
Airteagal 44 den Bhunreacht do leasú. | 
1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 44 den Bhunreacht: | 
|  |  | 
(a) scriosfar fo-ailt 2° agus 3° d'alt 1 den téacs Gaeilge, | 
|  |  | 
(b) scriosfar fo-ailt 2° agus 3° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla, | 
|  |  | 
(c) alt 1 a bheidh mar uimhir ar fho-alt 1° d'alt 1 den dá théacs. | 
|  | 
Lua. | 
2.—(1) An Cúigiú Leasú ar an mBunreacht a bhéarfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. | 
|  |  | 
(2) Féadfar an tAcht um an gCúigiú Leasú ar an mBunreacht, 1972, a ghairm den Acht seo. |