|  |    | 
 |  | 
Uimhir 24 de 1973. 
  | 
 |  |    | 
 |  | 
AN tACHT LOGAINMNEACHA (FOIRMEACHA GAEILGE), 1973 
  | 
 |  |     | 
 |  | 
ACHT Á ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS FOIRMEACHA GAEILGE LOGAINMNEACHA A SHONRÚ CHUN CRÍOCHA DLÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [21 Samhain, 1973.] 
   | 
 |  | 
ACHTAíTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— 
   | 
| 
 | 
 
Léiriú. 
 |   
 
1.—San Acht seo— 
   | 
| 
 |  | 
ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais; 
   | 
| 
 |  | 
folaíonn “logainm” ainm aon chúige, contae, cathrach, mórbhaile, sráidbhaile, barúntachta, paróiste nó baile fearainn, nó ainm aon ghné tíre (nádúrtha nó saorga), aon dúiche, limistéir nó áite, mar a thaispeántar sin ar léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis; 
   | 
| 
 |  | 
tá le “ordú logainmneacha” an bhrí a thugtar dó le halt 2 den Acht seo. 
   | 
| 
 | 
 
Orduithe logainmneacha. 
 |   
 
2.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó comhairle a fháil ón gCoimisiún agus an chomhairle sin a bhreithniú, le hordú (dá ngairtear ordú logainmneacha san Acht seo)— 
   | 
| 
 |  | 
(a) a dhearbhú gurb é is iontamhail i nGaeilge do logainm a bheidh sonraithe san ordú cibé focal nó focail a shonróidh sé ann, 
   | 
| 
 |  | 
(b) ordú logainmneacha a leasú nó a chúlghairm. 
   | 
| 
 |  | 
(2) Leagfar gach ordú logainmneacha faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann  ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuifidh an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. 
   | 
| 
 |  | 
(3) San alt seo ciallaíonn “an Coimisiún” an comhlacht dá ngairtear “an Coimisiún Logainmneacha” agus a bunaíodh le barántas ón Aire dar dáta an 24ú lá de Dheireadh Fómhair, 1946. 
   | 
| 
 | 
 
Forléiriú focal i ndoiciméid dhlithiúla. 
 |   
 
3.—(1) Focal nó focail a mbeidh dearbhaithe ag an Aire in ordú logainmneacha gurb é nó gurb iad is iontamhail i nGaeilge do logainm a bheidh sonraithe san ordú, forléireofar i ndoiciméad dlíthiúil, mura léir a mhalairt d'intinn, é nó iad a bheith ar chomhbhrí agus ar chomhfheidhm agus ar chomhéifeacht leis an logainm a bheidh sonraithe amhlaidh. 
   | 
| 
 |  | 
(2) San alt seo— 
   | 
| 
 |  | 
ciallaíonn “doiciméad dlíthiúil”— 
   | 
| 
 |  | 
(a) aon Acht ón Oireachtas a rithfear tar éis an dáta feidhme, aon ionstraim reachtúil a dhéanfar faoi aon Acht den sórt sin nó an tiontú oifigiúil ar aon Acht nó ionstraim den sórt sin; 
   | 
| 
 |  | 
(b) aon ionstraim a mbeidh éifeacht dhlíthiúil nó iarmhairtí dlíthiúla aici nó beartaithe a bheith aici agus a fhorghníomhófar ar an dáta feidhme nó dá éis sin; 
   | 
| 
 |  | 
(c) aon doiciméad a úsáidfear in imeachtaí dlíthiúla nó chun críocha imeachtaí dlíthiúla, agus a dhéanfar, a eiseofar nó a sheirbheálfar ar an dáta feidhme nó dá éis sin; 
   | 
| 
 |  | 
ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta an ordaithe logainmneacha iomchuí a theacht i ngníomh. 
   | 
| 
 | 
 
Caiteachais. 
 |   
 
4.—Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo. 
   | 
| 
 | 
 
Gearrtheideal. 
 |   
 
5.—Féadfar an tAcht Logainmneacha (Foirmeacha Gaeilge), 1973, a ghairm den Acht seo. 
 |