An tAcht um an Deichiú Leasú ar an mBunreacht, 1987
| Airteagal 29 den Bhunreacht do leasú. | 1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht: | |
| (a) cuirfear an abairt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i bhfo-alt 3° d'alt 4 den téacs Gaeilge i ndiaidh na chéad abairte, | ||
| (b) cuirfear an abairt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i bhfo-alt 3° d'alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla i ndiaidh na chéad abairte. | 
