An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1989

/static/images/base/harp.jpg


Uimhir 20 de 1989


AN tACHT UM ÚDAR�S NA GAELTACHTA (LEASÚ), 1989


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM ÚDAR�S NA GAELTACHTA, 1979. [12 Nollaig, 1989]

ACHTAÃ?TEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1989, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1989, a ghairm de na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 agus 1987, agus den Acht seo, le chéile.

Leasú ar alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.

2.—Leasaítear leis seo alt 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, trí “£80,000,000” a chur in ionad “£60,000,000” (a cuireadh isteach leis an Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987) i bhfoalt (4) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÃ?BLA

(4) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £80,000,000 aon tráth áirithe.