|  |  | 
 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1996 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
RIAR NA nALT | 
|  |  |  | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
AN SCEIDEAL
 | 
|  |  | 
CUID I | 
|  |  | 
CUID II | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
AN tACHT UM AN SÉÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1996 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [12 Nollaig, 1996] | 
|  |  | 
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | 
|  |  | 
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 40 den Bhunreacht a leasú: | 
|  |  | 
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS: | 
|  | 
Airteagal 40 den Bhunreacht a leasú. | 
1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 40 den Bhunreacht: | 
|  |  | 
( a )cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 4 den téacs Gaeilge, | 
|  |  | 
( b )cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 4 den téacs Sacs-Bhéarla. | 
|  | 
Lua. | 
2.—(1) An Séú Leasú Déag ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. | 
|  |  | 
(2) Féadfar an tAcht um an Séú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1996, a ghairm den Acht seo. | 
|  |  | 
AN SCEIDEAL | 
|  |  | 
CUID I | 
|  |  | 
7° Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun go bhféadfaidh cúirt bannaí a dhiúltú do dhuine atá cúisithe i gcion tromaí sa chás go measfar le réasún é a bheith riachtanach chun an duine sin a chosc ar chion tromaí a dhéanamh. | 
|  |  | 
CUID II | 
|  |  | 
7° Provision may be made by law for the refusal of bail by a court to a person charged with a serious offence where it is reasonably considered necessary to prevent the commission of a serious offence by that person. |