| |
An tAcht um an Seachtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1997
|
| |
Seventeenth Amendment of the Constitution Act, 1997
|
| | |
| |

|
| | |
| |
AN tACHT UM AN SEACHTÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1997
|
| | |
| |
RIAR NA nALT
|
| |
|
| |
AN SCEIDEAL
|
| |
Cuid I
|
| |
Cuid II
|
| |

|
| | |
| |
AN tACHT UM AN SEACHTÚ LEASÚ DÉAG AR AN mBUNREACHT, 1997
|
| | |
| |
ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [14 Samhain, 1997]
|
| |
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin:
|
| |
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 28 den Bhunreacht a leasú:
|
| |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS:
|
|
Airteagal 28 den Bhunreacht a leasú.
|
1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 28 den Bhunreacht:
|
| |
(a) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 2° d'alt 4 den téacs Gaeilge,
|
| |
(b) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fho-alt 2° d'alt 4 den téacs Sacs-Bhéarla,
|
| |
(c) déanfar fo-alt 3° d'alt 4 den dá théacs a uimhriú mar fho-alt 4°.
|
|
Lua.
|
2.—(1) An Seachtú Leasú Déag ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo.
|
| |
(2) Féadfar an tAcht um an Seachtú Leasú Déag ar an mBunreacht, 1997, a ghairm den Acht seo.
|
| |
AN SCEIDEAL
|
| |
Cuid I
|
| |
3° Déanfar rúndacht na bpléití ag cruinnithe den Rialtas a urramú i ngach toisc ach amháin i gcás ina gcinnfidh an ArdChúirt gur ceart nochtadh a dhéanamh i dtaobh ní áirithe —
|
| |
i. ar mhaithe le riaradh cirt ag Cúirt, nó
|
| |
ii. de bhua leasa phoiblí sháraithigh, de bhun iarratais chuige sin ó bhinse arna cheapadh ag an Rialtas nó ag Aire den Rialtas le húdarás Thithe an Oireachtais chun fiosrú a dhéanamh faoi ní a luafaidh siad ina thaobh go bhfuil tábhacht phoiblí ann.
|
| |
Cuid II
|
| |
3° The confidentiality of discussions at meetings of the Government shall be respected in all circumstances save only where the High Court determines that disclosure should be made in respect of a particular matter—
|
| |
i. in the interests of the administration of justice by a Court, or
|
| |
ii. by virtue of an overriding public interest, pursuant to an application in that behalf by a tribunal appointed by the Government or a Minister of the Government on the authority of the Houses of the Oireachtas to inquire into a matter stated by them to be of public importance.
|