|  |  | 
An tAcht um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001 | 
|  |  | 
Twenty-third Amendment of the Constitution Act, 2001 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
AN tACHT UM AN TRÍÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
RIAR NA nALT | 
|  |  |  | 
|  |  | 
AN SCEIDEAL
 | 
|  |  | 
Cuid 1
 | 
|  |  | 
Cuid 2
 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
AN tACHT UM AN TRÍÚ LEASÚ IS FICHE AR AN mBUNREACHT, 2001 | 
|  |  | 
 | 
|  |  | 
ACHT CHUN AN BUNREACHT A LEASÚ. [27 Márta, 2002] | 
|  |  | 
DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | 
|  |  | 
AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 29 den Bhunreacht a leasú: | 
|  |  | 
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR A LEANAS: | 
|  | 
Airteagail 29 den Bhunreacht a leasú. | 
1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 29 den Bhunreacht: | 
|  |  | 
(a) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 8 den téacs Gaeilge, | 
|  |  | 
(b) cuirfear an t-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh alt 8 den téacs Sacs-Bhéarla. | 
|  | 
Lua. | 
2.—(1) An Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. | 
|  |  | 
(2) Féadfar an tAcht um an Tríú Leasú is Fiche ar an mBunreacht, 2001, a ghairm den Acht seo. | 
|  |  | 
AN SCEIDEAL | 
|  |  | 
Cuid 1 | 
|  |  | 
9    Tig leis an Stát Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, a rinneadh sa Róimh an 17ú lá d'Iúil, 1998, a dhaingniú. | 
|  |  | 
Cuid 2 | 
|  |  | 
9    The State may ratify the Rome Statute of the International Criminal Court done at Rome on the 17th day of July, 1998. |