| 
 | 
 
Feidhmeanna an Choimisinéara. 
 |   
 
21.—Is iad feidhmeanna an Choimisinéara, i dteannta aon fheidhmeanna a thugtar dó nó di le haon fhoráil eile den Acht seo— 
  | 
| 
 |  | 
(a) faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh fhorálacha an Achta seo ag comhlachtaí poiblí, 
  | 
| 
 |  | 
(b) gach beart riachtanach atá faoi réim a údaráis nó a húdaráis a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí forálacha an Achta seo, 
  | 
| 
 |  | 
(c) imscrúduithe a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, maidir le haon mhainneachtain ag comhlacht poiblí forálacha an Achta seo a chomhlíonadh, ar mainneachtain í ar dóigh leis nó léi nó, de réir mar is cuí, leis an Aire, gur féidir gur tharla sí, 
  | 
| 
 |  | 
(d) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, don phobal maidir lena gcearta faoin Acht seo, 
  | 
| 
 |  | 
(e) comhairle nó cúnamh eile a sholáthar, de réir mar is cuí leis nó léi, do chomhlachtaí poiblí maidir lena n-oibleagáidí faoin Acht seo, agus 
  | 
| 
 |  | 
(f) imscrúdú a dhéanamh, cibé acu ar a thionscnamh nó ar a tionscnamh féin, ar iarraidh ón Aire nó de bhun gearán a bheidh déanta leis nó léi ag aon duine, chun a fháil amach an amhlaidh nach raibh nó nach bhfuil aon fhoráil d'aon achtachán eile a bhaineann le stádas nó le húsáid teanga oifigiúla á comhlíonadh. 
 |