An tAcht um an Tríú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2013
| Leasuithe a bhaineann le dlínse na Cúirte Uachtaraí. | 5.— (1) Aon tagairt san alt seo d’alt 5 d’Airteagal 34 den Bhunreacht, is tagairt í don alt den Airteagal sin arna uimhriú mar alt 5 le halt 4 (c). | |
| (2) Leasaítear Airteagal 34 den Bhunreacht leis seo mar a leanas: | ||
| (a) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 4 in ionad fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Gaeilge, | ||
| (b) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 4 in ionad fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla, | ||
| (c) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 1 de Sceideal 5 isteach i ndiaidh fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Gaeilge, | ||
| (d) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i gCuid 2 de Sceideal 5 isteach i ndiaidh fho-alt 3° d’alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla, | ||
| (e) déanfar fo-alt 4° d’alt 5 den dá théacs a uimhriú mar fho-alt 5°, | ||
| (f) déanfar fo-alt 5° d’alt 5 den téacs Gaeilge a scriosadh, agus | ||
| (g) déanfar fo-alt 5° d’alt 5 den téacs Sacs-Bhéarla a scriosadh. | 
