An tAcht um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2019
| 
 | ||
| AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ IS TRÍOCHA AR AN mBUNREACHT (SCAOILEADH AR PHÓSADH), 2019 | ||
| CLÁR AN ÁBHAIR | ||
| Alt | ||
| 
 | ||
| AN tACHT UM AN OCHTÚ LEASÚ IS TRÍOCHA AR AN mBUNREACHT (SCAOILEADH AR PHÓSADH), 2019 | ||
| Acht chun an Bunreacht a leasú. | ||
| [11 Meitheamh 2019] | ||
| 
 | ||
| DE BHRÍ gur cead, de bhua Airteagal 46 den Bhunreacht, foráil ar bith den Bhunreacht a leasú ar an modh a shocraítear leis an Airteagal sin: | ||
| 
 | ||
| AGUS DE BHRÍ go bhfuil beartaithe Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú: | ||
| Achtaítear ag an Oireachtas ar an ábhar sin mar a leanas: | ||
| Airteagal 41 den Bhunreacht a leasú | ||
| 1. Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 41 den Bhunreacht: | ||
| (a) aisghairfear mír i d'fho-alt 2° d'alt 3 den téacs Gaeilge; | ||
| (b) aisghairfear mír i d'fho-alt 2° d'alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla; | ||
| (c) déanfar mír ii d'fho-alt 2° d'alt 3 den dá théacs a uimhriú mar mhír i; | ||
| (d) déanfar mír iii d'fho-alt 2° d'alt 3 den dá théacs a uimhriú mar mhír ii; | ||
| (e) déanfar mír iv d'fho-alt 2° d'alt 3 den dá théacs a uimhriú mar mhír iii; | ||
| (f) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i g Cuid 1 den Sceideal in ionad fho-alt 3° d'alt 3 den téacs Gaeilge; | ||
| (g) cuirfear an fo-alt a bhfuil an téacs de leagtha amach i g Cuid 2 den Sceideal in ionad fho-alt 3° d'alt 3 den téacs Sacs-Bhéarla. | ||
| Lua | ||
| 2. (1) An tOchtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht a thabharfar ar an leasú a dhéantar ar an mBunreacht leis an Acht seo. | ||
| (2) Féadfar an tAcht um an Ochtú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Scaoileadh ar Phósadh), 2019 a ghairm den Acht seo. | ||
| AN SCEIDEAL | ||
| CUID 1 | ||
| 3° Féadfar socrú a dhéanamh le dlí chun aitheantas a thabhairt faoi dhlí an Stáit do scaoileadh ar phósadh arna thabhairt faoi dhlí sibhialta stáit eile. | ||
| CUID 2 | ||
| 3° Provision may be made by law for the recognition under the law of the State of a dissolution of marriage granted under the civil law of another state. | 
 
                			