Frequently Asked Questions CCanna (Ceisteanna Coitianta)
What information can I find on this website? Cad atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo?
The eISB contains:
- - Bunreacht na hÉireann - the Constitution of Ireland,
- - Acts of the Oireachtas from 1922 to the present day,
- - All of the available pre-1922 Acts that remain in force, and
- - All available Statutory Instruments from 1922 to the present day.
Acts and Statutory Instruments are linked to tables which show how each piece of legislation has been amended or affected by subsequent pieces of legislation. Collectively this information is known as the Legislation Directory – it was previously known as the Chronological Tables to the Statutes.
The eISB contains further information including:
- - a list of collective citations, a way of referring to a group of thematically connected Acts all at once, e.g. Equal Status Acts,
- - a list of commencement orders which bring Acts, or parts of Acts, into force if those Acts, or parts of Acts, do not come into force upon enactment,
- - a list of Orders made under section 6(1) of the Ministers and Secretaries (Amendment) Act 1939 which assign or change the assignment of responsibilities under existing legislation between Ministers and Departments,
- - a list of Regulations made under section 3 of the European Communities Act 1972 which transpose EU law into Irish law.
The eISB also contains links to other websites which may be helpful to use in conjunction with the eISB. These websites include the Houses of the Oireachtas, Acts of the Oireachtas, Official Gazette, Law Reform Commission, and EUR-Lex.
Tá a leanas ar fáil ar láithreán gréasáin eISB:
- - Bunreacht na hÉireann,
- - Achtanna an Oireachtais ón mbliain 1922 anuas go dtí an lá inniu,
- - Na hAchtanna uile ón ré roimh 1922 atá ar fáil agus atá i bhfeidhm go fóill, agus
- - Na hIonstraimí Reachtúla ar fad atá ar fáil ón mbliain 1922 anuas go dtí an lá inniu.
Déantar na hAchtanna agus na hIonstraimí Reachtúla a chónascadh le táblaí ina léirítear aon leasú a rinneadh ar reachtaíocht nó aon tionchar a bhí air ag aon reachtaíocht a tháinig ina dhiaidh. An tEolaire Reachtaíochta a thugtar ar an gcnuasach faisnéise seo – teideal a thagann in ionad Thábla Croineolaíoch na Reachtanna.
Tá eolas sa bhreis air sin ar fáil ar láithreán gréasáin eISB chomh maith, lena n-áirítear:
- - liosta de chomhluanna, bealach chun tagairt a dhéanamh do chnuasaigh d'Achtanna atá ceangailte le chéile ó thaobh téama, e.g. na hAchtanna um Stádas Comhionann,
- - liosta de na horduithe tosaigh feidhme trína dtugtar Acht, nó cuid d'Acht, i bhfeidhm sa chás nach dtagann Acht, nó cuid d'Acht, i bhfeidhm tráth an achtúcháin,
- - liosta de na hOrduithe arna ndéanamh faoi alt 6(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) 1939 maidir le freagracht a shannadh ar Airí agus ar Ranna nó athrú a chur ar shannadh freagrachta faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm i láthair na huaire,
- - liosta de na Rialacháin arna ndéanamh faoi alt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 lena déantar dlí an AE a thrasuí i ndlí na hÉireann.
Tugtar naisc freisin ar láithreán gréasáin eISB chuig láithreáin gréasáin eile a bhféadfadh gur áisiúil a n-úsáid in éineacht le láithreán gréasáin eISB. Áirítear ar láithreáin gréasáin den sórt sin Tithe an Oireachtais, Achtanna an Oireachtais, Iris Oifigiúil, an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí, agus EUR-Lex.
Will I find new legislation on the eISB?An mbíonn reachtaíocht nua ar fáil ar láithreán gréasáin eISB?
New Acts and Statutory Instruments are published on the eISB as soon as possible after they have been notified in the Iris Oifigiúil. The homepage of the eISB contains information about the legislation most recently published. Foilsítear Achtanna agus Ionstraimí Reachtúla nua ar láithreán gréasáin eISB a luaithe is féidir tar éis fógra ina leith a fhoilsiú san Iris Oifigiúil. Tugtar faisnéis ar leathanach baile láithreán gréasáin eISB faoin reachtaíocht is deireanaí a foilsíodh.
Why is the legislation I’m looking for not on this site? Cén fáth nach bhfuil reachtaíocht atá á lorg agam ar fáil ar an láithreán gréasáin seo?
Very recent Acts or statutory instruments may not yet be published on the eISB. It generally takes approximately a week for the pdf version to become available on the eISB and a few days longer for the HTML version to become available. The President’s website (www.president.ie) is usually the first place you can find out if a Bill has been signed into law.
Some pre-1922 Acts are not published on the site because they have been repealed or, in a very small number of cases, are not available in electronic format.
Irish translations of Acts, where available, can be found on the Acts of the Oireachtas website which is linked on the External Resources tab of the eISB home page.
A Bill containing proposed legislation (draft legislation that has not yet been enacted) will not appear on the eISB. Instead, information on such Bills (including the text of the Bill, the text of amendments to the Bill at various stages, related documents such as explanatory memoranda, and transcripts of Dáil and Seanad debates) can be found on the Houses of the Oireachtas website which is linked in the External Resources tab of the eISB home page. Where this information is available in relation to Acts on the eISB, there will be a direct link to the website of the Houses of the Oireachtas from a tab at the top of that Act’s page on the eISB.
D'fhéadfadh Achtanna nó ionstraimí reachtúla atá an-nua a bheith gan foilsiú go fóill ar láithreán gréasáin eISB. Is iondúil go mbíonn isteach is amach le seachtain de dhíth sula mbíonn leagan pdf ar fáil ar láithreán gréasáin eISB agus roinnt laethanta lena chois sin sula mbíonn an leagan HTML ar fáil. Is é is dóiche gur ar láithreán gréasáin an Uachtaráin (www.president.ie) is túisce a bhíonn tuairisc ar Bhille a bheith sínithe ina dhlí.
Tá Achtanna áirithe ón ré roimh an mbliain 1922 nach bhfoilsítear ar an láithreán gréasáin seo mar gheall go ndearnadh iad a aisghairm nó, i roinnt an-bheag cásanna, mar gheall nach bhfuil siad ar fáil i bhformáid leictreonach.
Ar an láithreán gréasáin Achtanna an Oireachtais a chuirtear aistriúchán Gaeilge, más ann dó, ar na hAchtanna ar fáil. Tugtar nasc chuig an láithreán gréasáin sin sa táb Acmhainní Seachtracha ar leathanach baile láithreán gréasáin eISB.
Ní bheidh Bille ina bhfuil reachtaíocht bheartaithe (dréacht-reachtaíocht nár achtaíodh go fóill) le feiceáil ar láithreán gréasáin eISB. Ina ionad sin, is féidir faisnéis faoi Bhillí den sórt sin (lena n-áirítear téacs an Bhille, téacs na leasuithe ar an mBille ag céimeanna éagsúla, doiciméid ghaolmhara amhail meabhráin mhínithe, agus tras-scríbhinní de dhíospóireachtaí na Dála agus an tSeanaid) a fháil ar láithreán gréasáin Thithe an Oireachtais atá nasctha sa táb Acmhainní Seachtracha ar leathanach baile láithreán gréasáin eISB. Sa chás go bhfuil an fhaisnéis seo ar fáil maidir le hAchtanna ar láithreán gréasáin eISB, beidh nasc díreach chuig láithreán gréasáin Thithe an Oireachtais ó tháb ag barr leathanach an Achta sin ar láithreán gréasáin eISB.
Is the legislation on this site the official version?An é an leagan oifigiúil é an reachtaíocht ar an suíomh seo?
No, the electronic version is not the official version.
Article 25.3.5 of the Constitution provides that the text of an Act which is signed by the President and enrolled in the office of the Registrar of the Supreme Court shall be conclusive evidence of the provisions of such law.
Section 2 of the Documentary Evidence Act 1925 provides that prima facie evidence of an Act may be given in all Courts of Justice and in all legal proceedings by producing a paper copy published by the Stationery Office. Section 3 of that Act contains a similar provision in relation to statutory instruments.
Ní hé. Ní hé an leagan leictreonach an leagan oifigiúil.
Foráiltear faoi Airteagal 25.3.5 den Bhunreacht gurb é téacs an Achta a gcuireann an tUachtarán a lámh leis agus a chláraítear in oifig Chláraitheoir na Cúirte Uachtaraí is fianaise dhochloíte ar fhorálacha an dlí sin.
Déantar foráil le hAlt 2 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 d'fhianaise prima facie ar Acht a chur i láthair i ngach Cúirt Bhreithiúnais agus i ngach imeacht dlí trí chóip páipéir arna foilsiú ag Oifig an tSoláthair a chur i láthair. Déantar foráil den chineál céanna i ndáil le hionstraim reachtúil in Alt 3 den Acht sin.
Where can I buy a paper copy of an Act or statutory instrument? Cá bhféadaim cóip páipéir d’Acht nó d’ionstraim reachtúil a cheannach?
To buy paper copies of legislation, you can contact the Government Publications Office. Chun cóipeanna páipéir de reachtaíocht a cheannach, is féidir dul i dteagmháil le hOifig Foilseacháin an Rialtais.
Where can I find a Bill? Cá bhféadaim teacht ar Bhille?
You can find Bills and information on amendments to Bills on the Houses of the Oireachtas website. Is féidir Billí agus faisnéis faoi leasuithe ar Bhillí a aimsiú ar shuíomh gréasáin Thithe an Oireachtais.
Tracking amendments to legislation Leasuithe ar reachtaíocht a lorg
How will I know if a piece of legislation has been commenced and/or amended? Conas is féidir a fháil amach an bhfuil tosach curtha le feidhm reachta agus/nó leasú déanta air?
The first step is to locate the Act or Statutory Instrument on the eISB. At the top of the text of the Act or Statutory Instrument, you will see a box marked (in the case of Acts) “Commencements, Amendments, SIs made under Act” or (in the case of Statutory Instruments) “Amendments”. Click on this box to access commencement and amendment information.
Users should note that information is displayed differently in relation to Acts enacted before and after 1922.
Post-1922 Acts each have a table with commencements, amendments and SIs made under the Act.
Pre-1922 Acts have tables in a list of tables for that year. Details in relation to commencement information for pre-1922 Acts can be found on the pre-1922 Acts home page underneath the heading ‘Legislation Directory (LD) information in relation to Pre-1922 Acts’ There is no list of secondary legislation made under individual pre-1922 Acts.
Is é an chéad rud le déanamh an tAcht nó an Ionstraim Reachtúil a aimsiú ar láithreán gréasáin eISB. Ag barr téacs an Achta nó na hIonstraime Reachtúla, feicfear bosca ar a bhfuil marcáilte (maidir le hAcht) “Tosach Feidhme, Leasuithe, IRí arna ndéanamh faoin Acht" nó (maidir le hIonstraim Reachtúil) "Leasuithe". Cliceáil ar an mbosca seo go bhfeictear eolas faoi thosach feidhme nó leasú.
Tabharfaidh an lucht úsáide faoi deara nach mar a chéile a léirítear an fhaisnéis maidir le hAchtanna a achtaíodh roimh an mbliain 1922 agus Achtanna a achtaíodh i ndiaidh na bliana 1922.
I ndáil le gach Acht i ndiaidh na bliana 1922, luaitear i dtábla tosach feidhme, leasú agus IR a rinneadh faoin Acht.
I ndáil le hAcht roimh an mbliain 1922, tugtar táblaí i liosta táblaí i leith na bliana. Tá mionsonraí maidir le tosach feidhme i ndáil le hAchtanna roimh an mbliain 1922 ar fáil ar an leathanach baile maidir le hAchtanna roimh an mbliain 1922 faoin gceannteideal Eolas ón Eolaire Reachtaíochta (ER) maidir le hAchtanna Réamh-1922. Níl aon liosta ar fáil den reachtaíocht thánaisteach arna déanamh faoi Acht faoi leith ón ré roimh an mbliain 1922.
How do I find out if an Act has come into operation?Conas a fhaighim amach má tá Acht i bhfeidhm?
For Acts from 1931 or later:
Simply click on the button at the top of the Act marked “Amendments, Commencements, SIs made under Act”. The table entitled “commencement” sets out the relevant commencement
information for that Act. For Acts from before 1931 you should take the following steps:
-
Look at the text of the Act itself:
- If there is no information regarding commencement, the Act came into force on the date on which it was passed by the Oireachtas. This date can be found under the long title of the Act.
- Sometimes a provision or provisions of an Act specifies a date on which all or part of it is to come into effect (e.g. "This Act comes into operation one month after the date of its passing." or "This section shall come into effect on 3 February 2015.")
- Sometimes a provision or provisions of an Act states that a commencement order is required to bring all or part of an Act into effect (e.g. "This Act shall come into operation on such day or days as the Minister may appoint by order...").
-
Finding a commencement order:
- The eISB includes a list of commencement orders listed by Act.
- To find commencement orders that have been made since the last update to the commencement order list, you can check the statutory instruments on the eISB made since the last update.
I gcomhair Achtanna ó 1931 nó níos déanaí:
Díreach cliceáil ar an gcnaipe ag barr an Achta marcáilte “Leasuithe, Tosaigh Feidhme,
IRí arna ndéanamh faoi Acht”. Leagtar amach an fhaisnéis ábhartha um thosach feidhme don
Acht sa tábla dar teideal “tosach feidhme”.
I gcomhair Achtanna roimh 1931 ba chóir duit na céimeanna seo a leanas a leanúint:
-
Féach ar théacs an Achta féin:
- Mura bhfuil aon fhaisnéis maidir le tosach feidhme, tháinig an tAcht i bhfeidhm ar an dáta ar ritheadh é ag an Oireachtas. Is féidir teacht ar an dáta seo faoi theideal fada an Achta.
- Uaireanta sonraíonn foráil nó forálacha Achta dáta ar a dtiocfaidh an tAcht iomlán nó cuid de i bhfeidhm (m.sh. \“Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mí amháin tar éis an dáta ar ritheadh é.\” nó \“Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm ón 3 Feabhra 2015.\”)
- Uaireanta deir foráil nó forálacha Achta go dteastaíonn ordú um thosach feidhme chun Acht iomlán nó cuid de a thabhairt i bhfeidhm (m.sh. \“Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú...\”).
-
Ordú um thosach feidhme a aimsiú:
- Áirítear ar an eISB liosta d’orduithe um thosach feidhme atá liostaithe de réir Achta.
- Chun teacht ar orduithe um thosach feidhme arna ndéanamh ón nuashonrú deireanach ar an liosta orduithe um thosach feidhme, is féidir na hionstraimí reachtúla ar an eISB a rinneadh ón nuashonrú deireanach a sheiceáil.
Where can I find the text of an Act with the amendments included (Revised Act)?Cá bhfuil téacs ar fáil d'Acht leis na leasuithe curtha i bhfeidhm ar an téacs (Acht Athbhreithnithe)?
A Revised Act is an administrative consolidation of that Act. It brings together in a single text all amendments and changes to an Act, making the law more accessible for all users.
If a revised version of an Act is available, there will be a direct link from a tab at the top of that Act’s page on the eISB to the Revised Act on the Law Reform Commission's website. You can access the Revised Act in web format (HTML), and as a PDF both with and without annotations.
Comhdhlúthú riaracháin ar an Acht atá i gceist le hAcht Athbhreithnithe. Cóirítear le chéile in aon téacs amháin gach leasú agus athrú ar an Acht, d'fhonn leagan níos áisiúla a chur ar fáil don lucht úsáide ar fad.
Má tá leagan athbhreithnithe d'Acht ar fáil, luaitear nasc díreach i dtáb ag barr leathanach an Achta sin ar láithreán gréasáin eISB leis an Acht Athbhreithnithe ar láithreán gréasáin an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí. Is féidir an tAcht Athbhreithnithe a aimsiú i bhformáid an ghréasáin (HTML) nó i bhformáid PDF, le nótaí nó gan nótaí.
How often is the amendment and commencement information updated? Cé chomh minic is a dhéantar an fhaisnéis maidir le leasú nó tosach feidhme a nuashonrú?
In general, tables of amendments, commencements and SIs made under Acts are updated weekly. You can find the current date, Act and Statutory Instrument number up to which the tables are updated on each relevant page of amendment and commencement information. Go ginearálta, gach seachtain déantar na táblaí faisnéise maidir le leasú, tosach feidhme nó IR arna déanamh faoin Achtanna a nuashonrú. Is féidir an dáta reatha, uimhir an Achta agus uimhir na hIonstraime Reachtúla is nuaí a luaitear sa leagan is deireanaí den tábla a fheiceáil ar gach leathanach ábhartha faoi leith ar a dtugtar eolas faoi leasú agus faoi thosach feidhme.
Who produces the tables of commencements, amendments, and S.I.s under the Act and Revised Acts? Cé a chuireann an fhaisnéis sna táblaí faoi thosaigh feidhme, faoi leasuithe agus faoi Ionstraimí Reachtúla faoin Acht agus an fhaisnéis faoi Achtanna Athbhreithnithe ar fáil?
They are produced and updated by the Law Reform Commission. An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí a chuireann an fhaisnéis ar fáil agus a dhéanann í a nuashonrú.
I don’t understand how to read the abbreviations in the tables of amendments: where can I find out what they mean? Ní thuigim conas na giorrúcháin sna táblaí leasuithe a léamh: cárbh fhéidir liom fáil amach cad is brí leo?
You can visit the glossary. Is féidir cuairt a thabhairt ar an ngluais.
Searching legislation Reachtaíocht a chuardach
Is all legislation on the eISB searchable? An bhfuil an reachtaíocht ar fad ar an eISB inchuardaithe?
Only hyperlinked versions (HTML versions) of legislation are searchable from the quick
search and advanced search page of the eISB. While PDF versions of SIs and Acts are
published on the eISB as soon as possible, corresponding HTML versions may not yet be
available.
Always check the lists of Acts and SIs on the Acts and SIs home pages.
If the hyperlinked version of an Act or an SI is not live (not a link), then it is not
searchable on the eISB.
Níl ach leaganacha hipearnaisc (leaganacha HTML) den reachtaíocht inchuardaithe ó
leathanach cuardaigh thapa agus cuardaigh chasta an eISB. Cé go bhfoilsítear leaganacha
PDF de IRí agus Achtanna ar an eISB chomh tapa agus is féidir, seans nach mbeidh fáil ar
leaganacha HTML go fóill.
Seiceáil liostaí na nAchtanna agus IRí ar leathanaigh baile na nAchtanna agus IRí i
gcónaí.
Mura bhfuil leagan hipearnaisc Achta nó IR beo (le nasc), níl sé inchuardaithe ar an
eISB mar sin.
What is the default search on the eISB? Cad é an cuardach réamhshocruithe ar an eISB?
Exact word search is the default search on the eISB.
For example, a search for the term child retrieves documents which contain that exact
term only - documents which contain for example, the term
children
will not be retrieved. AND is the default search operator. If you do not use AND, OR or
NOT to connect your search terms, the eISB search engine defaults to an AND search.
For example, a search for
pension spouse
=
pension
AND spouse.
Is é cuardach focail bheacht an cuardach réamhshocruithe ar an eISB.
Mar shampla, aisghabhann cuardach don téarma leanbh doiciméid leis an téarma beacht sin
amháin - ní aisghabhfar doiciméid leis an téarma leanaí, mar shampla. Is é AGUS an
t-oibreoir cuardaigh réamhshocruithe. Mura n-úsáideann tú AGUS, NÓ ná NÍ chun do
théarmaí cuardaigh a nascadh, déanann inneall cuardaigh an eISB cuardach AGUS de réir
réamhshocruithe.
Mar shampla, cuardach i gcomhair pinsean céile
=
pinsean
AGUS céile.
How do I combine my search terms using AND, OR or NOT (Boolean Operators)? Conas a chuirim mo théarmaí cuardaigh le chéile trí AGUS, NÓ nó NÍ (Oibreoirí Boole) a úsáid?
You must use
capital letters
for AND, OR and NOT.
AND : To find documents that contain all the terms you enter, separate the
terms with AND.
For example
tax AND refund
road AND rail AND
air
OR : To find documents that contain any of the terms you enter, separate
the terms with OR.
For example
mussel OR
cockle
NOT : To find documents that exclude a specific term, precede the excluded
term with NOT
For example
Tax NOT
income
Use
Brackets
if you are combining AND, OR or NOT in a search query. This orders the search query
logically. Terms in brackets are processed first.
For example, the following search will find documents which contain
either
oil
or
gas, and they
must also contain
the term convention.
(oil OR gas) AND
convention
Caithfear
ceannlitreacha
a úsáid i gcomhair AGUS, NÓ agus NÍ.
AGUS :
Chun doiciméid a aimsiú ina bhfuil
gach
téarma a chuireann tú isteach, roinn na téarmaí le AND.
Mar shampla
cáin AGUS aisíoc
bóthar
AGUS
iarnród
AGUS aer
NÓ : Chun doiciméid a aimsiú ina bhfuil
aon
téarma a chuireann tú isteach, roinn na téarmaí le NÓ.
Mar shampla
diúilicín
NÓ
ruacan
NÍ : Chun doiciméid a aimsiú a
eisiann
téarma ar leith, gabh roimh an téarma eisiata le NÍ Mar shampla
Cáin NÍ
ioncam
Bain úsáid as
Lúibíní
má tá tú ag cur AGUS, NÓ nó NÍ le chéile i gcuardach. Cuireann seo ord loighciúil ar
chuardach. Próiseáiltear téarmaí i lúibíní ar dtús.
Mar shampla, aimseoidh an cuardach seo a leanas doiciméid le ola
nó
gás, ach
caithfidh
siad an téarma coinbhinsiún a áireamh freisin.
(ola NÓ gás) AGUS
coinbhinsiún
How do I search for an exact phrase? Conas a dhéanaim cuardach i gcomhair frása beacht?
Use double quotation marks to find an exact phrase.
For example
"criminal assets bureau"
"income tax" OR "corporation tax"
Please note that neither the * symbol nor the ? symbol (truncation and wildcard) are
effective within double quotation marks.
Bain úsáid as comharthaí dúbailte athfhriotail i gcomhair frása beacht.
Mar shampla
"an biúró um shócmhainní coiriúla"
"cáin ioncaim" NÓ "cáin chorparáide"
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil éifeacht ag an tsiombail * ná an tsiombail ?
(teascadh agus saoróg) laistigh de chomharthaí dúbailte athfhriotail.
Can I use wildcard and truncation operators? An féidir liom na hoibreoirí saoróige agus teasctha a úsáid?
The * symbol can function as a truncation or wildcard symbol depending on the way it is
used:
Use the * symbol at the root of a word to find
word variants.
For example
Rail*
Finds
rail, railway, railways, railroad,
railroads
etc.
Use the * symbol at the end of a word to find
regular plurals.
For example
mussel*
OR cockle*
Finds
mussel, mussels, cockle,
cockles
Use the * symbol to represent a number of characters
within a word.
For example
Behavi*r
Finds
behaviour or behavior
Col*r
Finds
colour or color
Please note that the * symbol will only find
letters
within a word or at the end of a word. For example, a search for solicitor* will find
solicitors but will not find solicitor's (because an apostrophe is not a letter).
The
wildcard ?
symbol represents a
single character within a word.
This is useful for words which may have an accented character, for example a fada or
variant spelling.
For example
G?is
Finds
Gais and Gáis
Organi?ation
Finds
organisation
and
organization
Please note that neither the truncation * symbol nor the wildcard ? symbol are effective
within double quotation marks or at the start of a word.
Is féidir leis an tsiombail * feidhmiú mar siombail teasctha ná saoróige ag brath ar an
gcaoi a n-úsáidtear é:
Bain úsáid as an tsiombail * ag fréamh focail le teacht ar
mhalairtí focail.
Mar shampla
Iarnród*
Aimsíonn seo
iarnród, iarnróid, bóthar iarainn,
bóithre iarainn
srl.
Bain úsáid as an tsiombail * ag deireadh focail le teacht ar
iolraí rialta.
Mar shampla
diúilicín*
NÓ ruacan*
Aimsíonn seo
diúilicín, diúilicíní, ruacan,
ruacain
Bain úsáid as an tsiombail * chun roinnt
litreacha laistigh d’fhocal
a léiriú.
Mar shampla
Iomp*r
Aimsíonn seo
iompar nó
iompair
Foc*l
Aimsíonn seo
focal nó
focail
Déanann siombail na
saoróige ?
ionadaíocht do
litir aonair laistigh d’fhocal.
Tá sé seo úsáideach d’fhocail a bhfuil litir aiceanta acu, mar shampla síneadh fada nó
litriú eile.
Mar shampla
G?is
Aimsíonn seo
Gais agus Gáis
Cu?sach
Aimsíonn seo
cuíosach
agus
cuibheasach
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil éifeacht ag an tsiombail teasctha * ná an
tsiombail saoróige ? laistigh de chomharthaí dúbailte athfhriotail ná ag tús focail. Níl
an tsiombail saoróige ? éifeachtach ag deireadh focail.
How do I search for a word containing a fada? Conas a chuardaím focal le síneadh fada?
The search engine views accented and non-accented
letters
as distinct
letters. For example a search for the term Uchtála is not the same as a search
for the term Uchtala. To find both spellings of the word you could do either of
the searches below:
Uchtála
OR Uchtala
Ucht?la
Please note that the wildcard ? symbol is not effective within double quotation marks or
at the start or end of a word.
Féachann an t-inneall cuardaigh ar litreacha atá aiceanta agus nach bhfuil aiceanta mar
litreacha éagsúla. Mar shampla, ní hionann cuardach don téarma uchtála agus cuardach don
téarma
Uchtala. Chun an dá litriú den fhocal a aimsiú, d’fhéadfá ceachtar den dá
chuardach thíos a dhéanamh:
Uchtála
NÓ Uchtala
Ucht?la
Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil éifeacht ag an tsiombail saoróige ? laistigh
de chomharthaí dúbailte athfhriotail ná ag tús ná críoch focail.
How do I search for a number of terms in proximity to each other? Conas a chuardaím roinnt téarmaí atá gar dá chéile?
You can carry out a search for 2 or 3 words only, in proximity to each other. Enter the
terms in double quotation marks, followed by the @ symbol, followed by the desired
number of words.
For example
"insurance cover"@5
Finds documents which contain both the terms
insurance
and
cover, but only if they are within 5 words of each other.
"insurance cover contract"@8
Finds documents which contain all three terms
insurance, cover and contract, but only if they are within 8 words
of each other.
D’fhéadfá cuardach a dhéanamh i gcomhair 2 nó 3 fhocal atá gar dá chéile. Cuir na
téarmaí i gcomharthaí dúbailte athfhriotail, leis an tsiombail @ ina ndiaidh, agus an
líon inmhianaithe focal ina ndiaidh.
Mar shampla
"cumhdach árachas"@5
Aimsíonn seo doiciméid ina bhfuil na téarmaí árachas agus cumhdach, ach caithfidh siad a
bheith laistigh de 5 fhocal óna chéile.
"conradh cumhdach árachais"@8
Aimsíonn seo doiciméid ina bhfuil na téarmaí árachas, cumhdach agus conradh, ach
caithfidh siad a bheith laistigh de 8 bhfocal óna chéile.
Can I search within my search results? An féidir liom mo thorthaí cuardaigh a chuardach?
<
Yes. On the search results page you will see the box below. Enter your search terms in
the 'Search within Results' box and click on the magnifying glass.
If your original search was a title only search, then your search within results will
also be a title only search; if your original search was a title and text search, your
search within results will also be a title and text search.
Is féidir. Feicfidh tú an bosca thíos ar an leathanach torthaí cuardaigh. Cuir isteach
do théarmaí cuardaigh sa bhosca “Cuardach laistigh de na Torthaí” agus cliceáil ar an
ngloine formhéadúcháin.

Can I limit my search by date? An féidir liom mo chuardach a theorannú de réir dáta?
Example 1: limit search by year or years Sampla 1: Teorannaigh cuardach de réir bliana nó blianta.

This will limit your search to the years 1999, 2000 or 2010 only. Teorannófar seo do chuardach do na blianta 1999, 2000 nó 2010 amháin.
Example 2: limit search by date range Sampla 2: Teorannaigh an cuardach de réir raon dáta.

This will limit your search to the years 1998, 1999, and within the range 2000 to 2015 only. Teorannófar seo do chuardach do na blianta 1998, 1999, agus laistigh den raon 2000 go 2015 amháin.
Can I limit my search by Act or SI? An féidir liom mo chuardach a theorannú de réir Achta nó IR?
In the
quick search
which is available on each page, use the drop down arrow to choose Acts or SIs.
The
default
search is All Legislation.
Sa
chuardach tapa teidil
atá ar fáil ar gach leathanach, bain úsáid as an saighead anuas chun Achtanna nó IRí a
roghnú. Is é an cuardach
réamhshocruithe
ná Reachtaíocht Uile. Athraigh é seo go Acht nó IR chun do chuardach a theorannú.

Change this to Act or SI to limit your search.

The advanced search screen also defaults to searching ALL legislation. Use the radio buttons to select either Acts or SIs. Déanann an scáileán cuardach casta cuardach réamhshocruithe do Reachtaíocht Uile freisin. Bain úsáid as na cnaipí raidió chun Achtanna nó IRí a roghnú.


Can I search for terms within a specific Act or SI? An féidir liom téarmaí a chuardach laistigh d’Acht nó IR ar leith?
Yes. For example,
the search below retrieves the word exemption in Act number 5 of 2010 only.
Is féidir. Mar shampla,
aimsíonn an cuardach thíos an focal díolúine in Acht uimhir a 5 de 2010 amháin.


Can I search by subject area? An féidir liom cuardach a dhéanamh de réir réimse ábhair?
There is no subject term search in the eISB. However, the eISB contains a link to the Law Reform Commission's Classified List of Legislation. Níl aon chuardach téarma ábhair san eISB. Tá nasc ag an eISB leis an Liosta Rangaithe Reachtaíochta de chuid an Choimisiúin um Athchóiriú an Dlí, áfach.
How the search highlighting works Conas mar a oibríonn an t-aibhsiú cuardaigh
The user performs a search on the eISB and the search software produces a set of
results. When a result (eISB web page) is displayed, the words from the search are
passed to the browser's own page search and it is the browser that displays the
highlighting.
Thus while the eISB search itself can be quite complex there are limitations on
what the browser's own highlighting will display. Users therefore should not rely on
the highlighting of search terms, as highlighting is not always effective, in
particular in complex searches.
Déanann an t-úsáideoir cuardach ar eISB agus gintear liosta torthaí ag na bogearraí
cuardaigh. Nuair a léirítear toradh (leathanach eISB), cuirtear na focail ar aghaidh
chuig cuardach leathanaigh an bhrabhsálaí féin agus is é an brabhsálaí a léiríonn an
t-aibhsiú.
Mar sin, cé go bhfuil cuardach an eISB réasúnta casta, tá teorainneacha ar an méid
is atá aibhsiú an bhrabhsálaí féin in ann a léiriú. Níor chóir d’úsáideoirí brath ar
aibhsiú na dtéarmaí cuardaigh, mar sin, toisc nach mbíonn an t-aibhsiú éifeachtach i
gcónaí, go háirithe le cuardaigh chasta.
Help and feedback Cabhair agus aiseolas
How can I get help with the site? Conas is féidir liom cabhair a fháil leis an suíomh?
Who can I contact for legal advice or help understanding a particular legislation item? Cé is féidir liom dul i dteagmháil leo i gcomhair comhairle dlí nó cabhair chun mír reachtaíochta ar leith a thuiscint?
How can I give feedback on the eISB? Conas is féidir liom aiseolas a thabhairt ar an eISB?
How can I get help with the site? Conas is féidir liom cabhair a fháil leis an suíomh?
A technical helpdesk service is available for using the Irish Statute Book. However, neither the Office of the Attorney General or the helpdesk provide assistance with interpretative queries
on legislation, matters relating to the updating of content or the issuing of new content.
Please do not call with interpretive questions on individual pieces of legislation, as
unfortunately, these cannot be answered. Such queries are best directed to the
Department or body that created the Act or Statutory Instrument in question.
The helpdesk telephone number is
or e-mail
isb@propylon.com.
Tá seirbhís deasc chabhrach teicniúla ar fáil do Leabhar Reachtanna na hÉireann. NÍ
chuireann Oifig an Ard-Aighne ná an deasc chabhrach cabhair ar fáil do cheisteanna
léirmhínitheacha faoin reachtaíocht ná faoi chúrsaí a bhaineann le nuashonrú ábhar ná le
heisiúint d’ábhar nua.
Ná glaoigh orainn le ceisteanna léirmhínitheacha faoi phíosaí aonair reachtaíochta, mar,
faraor, ní féidir iad sin a fhreagairt. Is fearr ceisteanna dá leithéid a chur ar an
Roinn nó ar an gcomhlacht a chruthaigh an tAcht nó Ionstraim Reachtúil atá i gceist.
Is í uimhir theileafóin na deisce cabhraí ná
nó ríomhphost
isb@propylon.com.
Who can I contact for legal advice or help understanding a particular legislation item? Cé is féidir liom dul i dteagmháil leo i gcomhair comhairle dlí nó cabhair chun mír reachtaíochta ar leith a thuiscint?
You may be able to get information or assistance from the Citizens' Information Board
(www.citizensinformation.ie), or
you may need professional legal advice.
B’fhéidir go mbeidh tú in ann faisnéis nó cabhair a fháil ón mBord um Fhaisnéis do
Shaoránaigh (www.citizensinformation.ie), nó
’fhéidir go mbeidh comhairle ghairmiúil dlí uait.
How can I give feedback on the eISB? Conas is féidir liom aiseolas a thabhairt ar an eISB?
You can fill out our
feedback form.
FAQ version as at 2025-09-12
Is féidir leat ár
bhfoirm aiseolais
a líonadh.
Leagan CCanna mar atá ar 2025-09-12